Header

Menu

play soundclip for Mo Mhadú Beag

Mo Mhadú Beag

Traditional Air. Words by Sean Ban Mac Grianna
Luím ar mo leabaí ‘gus ní chollaím aon néal go maidin Ach a’ meabhrú ar mo mhadú beag a d’imigh uaim sa scarthannaí Och, och mo mhadú beag Och och mo mhadú beag Tá piachán in mo sceadamán A’ scairtigh ar mo mhadú beag A choileáin bhig bhí soineanta ‘S a bhí stuama críonna cineálta D’imigh tú uaim le bánú ’n lae ‘S níor phill tú riamh ó shin orm A choileáin bhig a bhí i ngeall orm Pill arís is ná feall orm Nó rachaidh mé ‘n éag le cumhaí do dhéidh Mur bpille tú ar ball orm Nach iomaí maidin shamhraidh orú Sheol tú amach na gamhna domh ‘Un tSléibhe Ruaidh is éan na cuaiche A’ seinm ceoil sna gleanntáin dúinn Tá an eala ar loch na carraige Tá bric ar loch an charbaid Tá fir ag goil ‘na farraige I mbádaí ‘s seoltaí geala orthu Gealladh coileán eile domh Ar acht mo chur ó mhairgnigh Ach ní thiocfaidh arís ceann eile ‘un tí Ó chaill mé féin mo mhadú beag Och, och my little dog, Och och, my little dog, My throat is full of hoarseness now From shouting for my little dog

Versions